|
Cuirtear Rialacha an Choláiste i bhFeidhm go Docht
Ar mhaithe le sláinte ghinearálta agus sábháilteachta cuirfear scoláire díreach abhaile ón chúrsa ar aon cheann de na fáthanna seo a leanas:
- Snámh gan mhaoirseacht
- Seilbh nó míúsáid alcóil, tuaslagóirí nó drugaí
- Bheith i láthair i dtaibhairne
- As bheith as láthair ón Choláiste nó ó'n Lóistín gan cead a fháil ón Ardmháistir nó ón Rúnaí
- Lóistín a fhágáil idir 22:30 san oíche agus 08:00 ar maidin
- Taistil neamhúdaraithe i gcarr nó ar ghluaisrothar
- Ar fhágáil an cheantair gan cead a fháil ón Ardmháistir nó ón Rúnaí
- Míompar de chinéal ar bith a chuireann sláinte an scoláire féin nó duine ar bith eile i gcontúirt
Ní aisíocfar táille do scoláire nach gcríochnaíonn an chúrsa ar fáth ar bith
Riail na Gaeilge
Mol an Óige agus tiocfaidh sí - Praise the young and they will flourish"
- Cuirtear béim ar fhoghlaim teanga trí taitneamh a bhaint as an dá shuíomh idir foirmiúil agus sóisialta
- Cuirtear ranganna foirmealta i láthair ag múinteoirí caillithe gaeilge, ag baint úsáide as na teicnící is mó suas chun dáta leis an dara theanga a theagasc
- Ní mór don scoláire an Ghaeilge a labhairt i rith an ama, de réir abáltachta
- I gcás scoláire nach ndéanann iarracht réasúnta an Ghaeilge a labhairt, déantar teangmháil le tuismitheoirí ar mhaithe leis nan scéal a leigheas agus feabhas a chur ar iarracht an scolire. Sa chás eischeachtúil nach dtagann biseach ar an scéal moltar do thuismitheoirí an scoláire a ghlacadh abhaile
Teagmháil le Baile
- Tá cead ag scoláire fón póca a bheith sa lóistín ar mhaithe le teagmháil a dhéanamh leis an bhaile amháin. Ar mhaithe le timpeallacht a ghaelach a chothú, ní cheadaítear fón póca ag an choláiste
- Tá sé dodhéanta monatóireacht a dheanamh ar na fóin agus mar sin iarrtar ar thuismitheoirí scoláirí a chuir ar an eolas maidir leis an chontúirt a bhaineann leo ó thaobh físeanna, griangrafanna agus téacsanna contúirteacha
- Beidh an colaiste dian ar scolaire a chuireann a shláinte féin nó slainte duine eile i gcontúirt
Cuairt ar Scoláire
* Ní cheadaítear scoláire a scaoileadh le cuairteoirí eile nó ar aon chúis eile gan údarás scríofa ó thuismitheoirí.
Cuireann siad deiseanna foghlama ar fáil do gach scoláire idir 10-18 bliana d'aois,(ar an 1ú Iúil)
Beidh seo mar chuidiú ag tuismitheoirí agus scoláirí agus iad ag roghnú chúrsa:
- Tá na cúrsaí A agus B (11 lá) dírithe ar scoláirí ón chéad agus ón dara bhliain i scoileanna iarbhunoideachais Tuaiscirt Éireann, scoláirí atá i mbun foghlama na teanga don chéad uair. Foirm Iarratais ar fáil go luath
- Tá Cúrsaí C agus D (22 lá) dírithe ar scoláirí atá níos sine, le caighdéan níos airde sa Ghaeilge agus a thagann ón dá thaobh den teorann. Foirm Iarratais ar fáil go luath
- Bíonn meánaois na scoláirí ar Chúrsa C thart fá 14 bhliain d'aois
|