Student Teacher Courses / Cúrsa na n-ábhar oidí
- Cadhcáil ( i nGaeilge)
- Tonnchlaráil
- Marcaíocht ar chapall/horse riding
- Rópadóireacht ( i nGaeilge)
- Dreapadh ar an Earagail
- Siúlóidí
- Galf
- Seisiún Ceoil agus damhsaí srl – san oíche / strong history of traditional and modern music locally
Eolas faoin chúrsa agus gníomhartha eile teanga
Cuirfear an cúrsa teanga seo ar fáil de réir riachtanais an ranga, taobh istigh den tsiollabus atá leagtha amach
Cuirfear béim ar leith ar obair foirne ‘sna ranganna agus ‘sna tascanna oibre i gcoitinne
Cuirfear béim ar úsáid na nuatheicneolaíochta ag rannphártaithe agus agus múinteoirí ó thaobh foghlama agus teagaisc (de réir mar a fhoireann an ICT don chur i bhfeidhm)
Iarrtar ar na rannphátraithe ríomhaire glúine, iPad, iPhone, smart phone, ceamara nó físcheamara a ghlacadh leo, más féidir, le húsáid ar an chúrsa
Déanfar na hachmainn teagaisc a úsáidfear agus a chumfar ag na forine oibre thuas a chuir ar fáil go digiteach do rannphártaithe uilig an chúrsa
Beidh múinteoirí an choláiste ag díriú ar líofacht agus cruinneas na rannphártaithe i rith an ama, arís ó thaobh foghlama agus teagaisc de
Bronnfar Teastas Líofachta an choláiste ar na mic léinn ag deireadh an chúrsa
Seisiún traenála maidir le scileanna cuir i láthair don Raidio – Baill gradaim-bhuaiteoirí ó fhoireann RnaG
Turas thart ar na hoileáin
Seisiún: “An drámaíochta mar mhodh teagaisc ag an bhunleibhéal” … aisteoirí TG4
Seisiún ceoil le ceoltóirí clúiteacha an cheantair le béim ar úsáid an cheoil sa churaclam bunscoile
Iarrtar ar na rannphártaithe uirlísí ceoil a ghlacadh ar an chúrsa leo
Seisiúin eolais le Baill an IPPN (Irish Primary Principals Network) ag tagairt don saol oibre, ullmhú don agallamh, cúrsaí fostaíochta sa bhunscoil, srl.
